← Níl file ar bith sa tír seo, ach bhí duine amháin ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Cólm De Bhailís. 🔊
← Rugadh é i mBaile na Cille, agus tá ballaí an tigh a bhí aige le feiceáil ann fós. 🔊
← Bhí sé pósta, agus is Siubhán a bhí ar a bhean. 🔊
← Ag siúinéireacht ba mhó a bhíodh sé, agus ní raibh mórán talamh aige. 🔊
← Tugtar "An Gréasaí" mar ainm air, mar sin é an t-ainm a thug sé féin ar an mbochtanas. 🔊
← Nuair a rinne sé an t-amhrán, dúirt sé ach a tiocfadh ráithe an Fhómhair nuair a bhéadh chuile shórt saor agus go leór airgid aige, go ndíbreódh sé an bochtanas agus go gceannódh sé ullaí, builíní, agus líon. 🔊
← Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí sé ina fhile, agus bhí sé tuairim's céad agus a deich bliain d'aois nuair a cailleadh é. 🔊
← An lá a ghabhfaidh tú ann tabhair leat arán, nó béidh tú an lá sin ocrach" 🔊
← Ba í Maighréad Nic Dhonnchada, Leitir Mealláin, an scoláire a scríobh an t-eolas. 🔊
← Ba é Pádhraig Ó Conghaile, Leitir Mealláin (aois 58), a thug an t-eolas di. 🔊
← Bhí Nóra Nic Dhonnchadha tuairim's 65 bliain d'aois nuair a thug sí an t-eólas seo. 🔊